Faoi mar a chualathas an focal “albert” mar mhacalla in oifig Nemeton cúig bliana ó shin, is beag a thuig aon duine an tionchar a bheidh aige ar an gcuideachta trí chéile. Ar dtús, ní raibh ann ach cleachtadh ticbhosca, cuid den pháipéarachas, focal a chuirfeadh daoine ag crith nuair a luadh é ós rud é gur cheap daoine gur bheithíoch d’obair bhreise a bhí ann – mheas fostaithe gur rud sa bhreis neamhriachtanach ar a n-ualaí oibre a bhí ann. Braitheadh cén t-athrú a thiocfadh ar aon rud leis sin? Mar sin féin, i dtréimhse ghairid cúig bliana tháinig athrú as cuimse ar dhearcthaí daoine i leith an chomhshaoil tríd sin, ar bhealach gairmiúil agus ina dtithe féin, agus ní haon drochrud é sin.
Cúig bliana ó shin, níor thugamar aird ar an tionchar a bhí ag ár léiriúcháin ar an gcomhshaol. Níl mé cinnte an é go raibh easpa tuisceana ann nó an é go raibh neamhaird á tabhairt air, cibé cás a bhí i gceist ní raibh an chuideachta ar an eolas faoin méid tionchair a bhí ag a léiriúcháin ar an gcomhshaol. Nuair a thuigeamar go dtáirgeann meánchlár teilifíse na scórtha tonnaí de dhé ocsaídí carbóin, agus go dtáirgeann craoladh seachtrach na mílte díobh, ba rud é sin nach mbeadh curtha san áireamh againn riamh roimhe sin. Ní raibh na fostaithe ná an bhainistíocht ar an eolas faoi Lorg Carbóin Nemeton, rud a chuir torthaí géara in iúl nuair a dréachtaíodh é. Tá dlús á chur le díothú de dheasca thionchar comhshaoil na siamsaíochta agus an léiriúcháin teilifíse. Ní rabhamar bródúil as an leagan sin den todhchaí agus thuigeamar – ar bhonn práinne – gurbh éigean dúinn ár gcuid nósanna a athrú, ar bhealach gairmiúil agus mar chuideachta araon agus, dá réir sin, ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla ionas go bhféadfadh fostaithe a gcuid nósanna a athrú ina saol príobháideach chun níos fearr a dhéanamh don chomhshaol. Ní féidir bainistiú a dhéanamh ach amháin ar rud intomhaiste, agus theastaigh uainn ár dtionchar a bhainistiú ar bhealach níos cúramaí ná riamh ós rud é gur léir gur beag bliain atá fágtha againn le déanamh amhlaidh.
Trí albert a thabhairt isteach, b’éigean do Nemeton cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcéim ag ar theastaigh uaidh a bheith ó thaobh an chomhshaoil de agus maidir leis an dóigh ar theastaigh uaidh caighdeáin chomhshaoil a leagan síos dá chaoga fostaí. Mar chuideachta, chruthaigh Nemeton beartas comhshaoil agus theastaigh uaidh a bheith ina ghnólacht a bhí coinsiasach ó thaobh an chomhshaoil de. Mar ghnólacht a bhí coinsiasach ó thaobh an chomhshaoil de, ar a dtugtar gnólacht inbhuanaithe freisin, tugann sé tosaíocht do chleachtais lena n-íoslaghdaítear a thionchar diúltach ar an bpláinéad. Ciallaíonn sin dul níos faide ná gnáthrialacháin a leanúint agus bealaí chun laghdú a dhéanamh ar thionchair dhiúltacha do chuideachta a shainaithint go réamhghníomhach. Chun é sin a dhéanamh, b’éigean dúinn cur chuige comhchoiteann a bheith againn – b’éigean dúinn an fhoireann uile a spreagadh chun bheith rannpháirteach i bpróisis agus beartais nua a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar sheasamh comhshaoil na cuideachta agus feabhsú mar dhaoine, tríd is tríd. Bhí an t-ádh dearg orainn gur ghlac na fostaithe uile leis sin agus tá rath chur chun feidhme na cuideachta uile ina léiriú air sin.
Is iomaí tionscnamh nua a cuireadh chun feidhme in Nemeton. Nuair atá iallach ort Meabhráin Ghlasa a chruthú roimh léiriúcháin, agus Lorg Carbóin ar leith a ghabhann leis an léiriúchán a dhréachtú freisin, osclaítear do shúile maidir le bealaí nua chun tionchar na cuideachta a laghdú.
Samplaí de Mheabhráin Ghlasa
Tionscnaimh Uile-chuideachta Curtha chun Feidhme
Feirm Ghréine
Tá feirmeacha gréine ina gcéim ríthábhachtach i dtreo todhchaí inbhuanaithe, agus soláthraíonn siad sochair chomhshaoil, eacnamaíocha agus fuinnimh iomadúla. Tá feirmeacha gréine ina réiteach nuálach chun leas a bhaint as fuinneamh in athnuaite ar scála níos mó. De réir mar a aistríonn an domhan i dtreo cleachtais inbhuanaithe, ghlac Nemeton céim mhór sa treo ceart trí fheirm ghréine a ionphlandú ar an láthair. Is iomaí buntáiste a bhaineann lenár bhfeirm ghréine féin a bheith againn.
Buntáistí Comhshaoil – Tá ról suntasach ag feirmeacha gréine chun astaíochtaí carbóin agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Trí fhuinneamh glan, in athnuaite a ghiniúint, cuidíonn siad leis an athrú aeráide a chomhrac agus truailliú aeir a laghdú. Tá an t-aistriú chuig fuinneamh gréine ina rannchuidiú le pláinéad sláintiúil do na glúnta atá le teacht.
Neamhspleáchas Fuinnimh – Rannchuidíonn feirmeacha gréine le neamhspleáchas fuinnimh trí spleáchas ar bhreosla allmhairithe a laghdú. Is féidir le cuideachtaí leas a bhaint as a n-acmhainní nádúrtha, rud a fhágann nach mbeidh siad chomh leochaileach sin i leith luaineachtaí praghsanna fuinnimh domhanda.


Bainistiú Dramhaíola
Ba é an chéad chéim a bhí ann laghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola a gineadh. Rinneamar sin ar chúpla bealach: pacáistíocht a laghdú, ábhair éiceabhácha a úsáid, táirgí éifeachtúlachta fuinnimh a úsáid agus infheistiú i dtáirgí ag a bhfuil saolréanna níos faide agus tosaíocht a thabhairt do dhéantúsaíocht bharainneach chun dramhaíl a íoslaghdú. Chruthaíomar iniúchadh dramhaíola chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú agus costais a laghdú. San iniúchadh, shainaithníomar sruthanna dramhaíola agus cleachtais neamhéifeachtúla agus, ansin, chuireamar chun feidhme straitéisí spriocdhírithe chun táirgeadh dramhaíola a laghdú agus tacú le spriocanna comhshaoil fadtéarmacha – amhail boscaí bruscair gloine, múirín agus géara a thabhairt isteach sa bhreis ar na cinn a bhí ann cheana, úsáid a bhaint as feistí coigilte fuinnimh ar na ríomhairí agus na foirne eagarthóireachta uile, agus beartas um dhíothú dramhaíola chuig líonadh talún a chur chun feidhme freisin. Chuireamar toirmeasc ar úsáid a bhaint as plaistigh aonúsáide ar na léiriúcháin uile agus soláthraíodh buidéil uisce agus cupáin chaifé bhrandáilte Nemeton do na fostaithe uile. Feidhmímid léiriúcháin gan pháipéar freisin agus tá beartas um rogha a bheith páirteach againn le haghaidh aon pháipéarachas.
Breosla HVO
D’ionphlandaigh Nemeton Breosla HVO lena úsáid sna feithiclí cuideachta uile. Seasann HVO d’Ola Glasraí arna Cóireáil le Hidrigin. Tá bithdhíosal HVO, ar a dtugtar bithdhíosal in athnuaite freisin, ina bhithdhíosal atá déanta as olaí arna gcóireáil le hidrigin agus saillte ó fhoinsí glasraí agus ainmhithe. Is bithdhíosal den dara glúin atá saor ó iontaise agus in athnuaite é agus tá sé ar cheann de na cineálacha díosail is inbhuanaithe atá ann i láthair na huaire, go háirithe ós rud é go bhfuil sé oiriúnach freisin mar bhreosla le haghaidh innill atá idir mheánach agus trom. Is iomaí buntáiste atá ag baint le HVO:
Carr Roinnt – Plean Taistil Seachtainiúil
Tá carr roinnt curtha chun feidhme againn nuair is féidir chun go mbeidh níos lú feithiclí ar an mbóthar. Dáiltear plean taistil seachtainiúil chun breathnú ar na deiseanna uile atá ann leis an taisteal a laghdú. Ina theannta sin, chuaigh Nemeton ar aghaidh le criú atá lonnaithe go háitiúil a fhostú nuair is féidir – agus arís eile is é is aidhm dó sin taisteal a laghdú ar bhonn uilechoiteann.
Córas Téite (ATC Sun Ray Cliste)
Roimhe sin, bhíodh taiscthéitheoirí thar oíche ag Nemeton agus bhí siad thar a bheith sean agus bhí méid mór leictreachais á tharraingt acu arb éard a bhí ann, ar deireadh thiar, ná teas amú. Tá an córas nua a chuirtear chun feidhme rialaithe, tá na teochtaí réamhshocraithe agus iad uile socraithe ar an gclog, agus múchfar na lasca ama go sealadach sna hoifigí nach bhfuil in úsáid. Tá an Radaitheoir WiFi RF350 Sun Ray ATC ina radaitheoir leictreach teirmeach ardfheidhmíochta a dearadh le hardteicneolaíocht dhigiteach le haghaidh téamh éifeachtúil. Cuimsíonn sé ola astaíochta teirmí le haghaidh téamh gasta agus tógáil alúmanaim ardchaighdeáin, rud a chinntíonn marthanacht agus dáileadh teasa éifeachtach. Tairgeann an tsamhail RF350 cumais rialaithe gan sreang trí Gateway, rud a fhágann gur féidir le húsáideoirí an radaitheoir a bhainistiú go cianda trí aip.
Buidéil Uisce agus Cupáin Chaife in Athúsáidte
Chuireamar toirmeasc ar úsáid a bhaint as plaistigh aonúsáide ar na léiriúcháin uile agus soláthraíodh buidéil uisce agus cupáin chaifé bhrandáilte Nemeton do na fostaithe uile.
Soláthraithe – Lóistín agus Bia
De réir mar a thosaigh Nemeton ar bheartais agus bealaí nua a thabhairt isteach chun a thionchar comhshaoil a fheabhsú, b’éigean dúinn breathnú ar na soláthraithe uile a ndéileálaimid leo go rialta agus breathnú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta glasa féin. Táimid i bhfabhar óstán, bialann etc. anois ag a bhfuil coinsias comhshaoil agus taitníonn sé go mór linn a bheith ag obair le cuideachtaí a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá againn féin. Thugamar isteach laethanta gan feoil ar léiriúcháin chun an criú a spreagadh le hithe feola a laghdú.

Cianobair
Tugadh isteach cianobair d’fhostaithe atá ina gcónaí i bhfad ar shiúl, arís chun laghdú a dhéanamh ar thaisteal agus ídiú fuinnimh. Spreagaimid cruinnithe Zoom/Google Hangouts lena gcur in ionad cruinnithe ina mbítear i láthair go pearsanta ar mhaithe leis an taisteal a laghdú.
Bíonn ár spriocanna comhshaoil ag síorathrú agus obair atá ar na maidí a bhíonn i gceist leis sin i gcónaí. Bímid ag foghlaim go leanúnach ó chuideachtaí a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá againn féin agus bíonn aiseolas á lorg againn i gcónaí – agus sin roimh an léiriúchán, lena linn agus ina dhiaidh – maidir le dóigheanna ar féidir linn feabhsú.
Bíonn an beartas comhshaoil á thabhairt cothrom le dáta againn go leanúnach i Lámhleabhar na Cuideachta i gcomhréir leis an treoir is déanaí.
Go hidéalach, ba mhaith linn teacht go dtí an pointe inar féidir linn an lorg carbóin is ísle is féidir a bheith againn ar ár léiriúcháin uile. Féachaimid le ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla i gcónaí agus is ábhar spreagtha dúinn na nósanna comhshaoil atá á dtabhairt abhaile ag ár bhfostaithe óna n-ionad oibre anois agus atá á dtabhairt isteach ina bpobail féin acu.
If you want to find out more about Sustainable Media Ireland, are interested in becoming a Member, or are keen to collaborate, please get in touch by sending us an email.